SETU Carlow Library

An Leabharlann SETU

Gaeilge agus Fáilte

Fáiltíonn an Leabharlann an Ghaeilge. Tá an mór chuid dos na seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge.

Go háirithe, ach gan a bheith teoranta do, as Gaeilge is féidir leat:

  • Tóir ar seirbhísí leabharlainne, comhairle agus cúnamh
  • Faigh teagasc leabharlainne
  • Faigh turais leabharlainne
  • Foirmeacha leabharlainne
  • Meaisín Féinseirbhís (Iasachtaí, Athnuacháin, Filleadh ar ais, Cúntais & Eolas Pearsanta)
  • Tacaíochtaí ó fhoireann na leabharlainne

Áiseanna Ghaeilge

Tá cnuasach leabhar Gaeilge ar fáil sa Leabharlann. Meascáin d’áiseanna agus uirlisí teanga, ar nós litríocht chlasaiceach, filíocht, úrscéalta, stair, oidhreacht agus cultúr gaelach. Tá cnuasach úrscéalta nua-aoiseach ann comh maith atá an-aithne orthu, clú agus cáil orthu ó timpeall na cruinne, atá go léir aistrithe go Ghaeilge. Tá gach saghas cumais agus ábhar spéise san áireamh, idir paístí agus daoine fásta. Tá cnuasach áiseanna eile ann atá dírithe go hiomlán chun tacaíocht a thabhairt to gach aon saghas foghlaimeoir Gaeilge. Sa bailiúchán seo tá meascáin téacsleahair ar fáíl atá oiriúnach don glantosaitheoir. Tagann dlúthdioscanna leo chun cúnamh blas a thabhairt. Dóibh siúd atá spéis acu feabhas a chur ar a chuid Gaeilge, tá téacsleabhair agus ábhar tagartha roghnaithe againn chun gramadach agus cruinneass scríobhneoireachta a feabhsú. Comh maith le sin, ar do shuaimhneas, tá cúpla scannáin ar fáil m.s. Poitín, déanta 1977, atá an mheas ar mar scannáin clasaiceach na hÉireann.

Ag cur an Ghaeilge chun cinn ar Champas

Cuireann an Leabharlann an Ghaeilge chun cinn ar Champas. Tá an Leabharlann chun tosaigh ag eagrú imeachtaí Gaeilge ar Champas. Eagraíonn an Leabharlann an féile Ghaeilge, Seachtain na Gaeilge gach bliain. Bíonn taispeáintaisí, taispeáintaisí leabhar, ranganna gaeilge, cluichí as gaeilge, deiseanna comhrá as gaeilge, ceol agus rince gaelach, srl. ar siúl.

Teagmhálacha

Chun cúnamh ginearálta a fháil nó más mian leat do chuid gnó faisnéise a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge, dein teaghmháil le Rónán Ó Loingsigh, sa Leabharlann ag 059-9175761 nó chuir ephost chuig ronan.lynch@setu.ie